Tá an dearthóir scairfeanna Ciara Silke i mbun gnó ó 2014. Tá a cuid scairfeanna álainne lámhdheartha ina stiúideo i nGaillimh, Éire. Déanann an próiseas deartha atá ag Ciara comhcheangal idir íomhánna láidre agus fabraicí sómasacha. Baineann sí úsáid as scéimeanna neamhghnácha dathanna agus as teicnící priontála lámhdhéanta – bíonn scairfeanna atá gléineach agus iontach mar thoradh air.

Áirithe ina réimse inaitheanta tá scairfeanna clasaiceacha ban agus nuair a chuirtear thart ar an muineál iad nó iad a bhailiú isteach ina chéile nó iad a cheangal, cuireann siad gné foirfe mealltachta agus féiniúlachta ar fáil. Tá simplíocht agus nuálaíocht cuimsithe ina fealsúnacht deartha agus í ag baint leasa iomláin as dathanna.

D’oibrigh Ciara le ceann de na tithe deartha is fearr sa domhan (DVE) sular thosaigh sí a lipéad féin. Tá céim aici i ndearadh teicstíle priontáilte ón gColáiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha, Baile Átha Cliath. Ó sheol sí a lipéad, tá cur síos déanta uirthi in iris Vogue na Breataine agus in 2015 bhí ceann dá cuid scairfeanna ar dhuine a bhí ag an searmanas Oscars®.

Dearthóir agus ealaíontóir í Ciara a raibh suim ollmhór i gcónaí aici san uigeacht atá i bhfabraicí – is aoibhinn léi a bheith ag obair le síoda agus fabraicí nádúrtha eile – agus faigheann sí inspioráid gan teorainn dá cuid oibre as a bheith ag baint trialacha as na bealaí a n-athraíonn dathanna fabraicí le toin, dathlíocha agus teicnící priontála ar leith.

Branda is ea Ciara Silke a dhéanann dearthaí álainne – ag tabhairt stíle isteach sa ghnáthshaol. Is éard atá sa bhranda ná gnéithe clasaiceacha agus comhaimseartha a thabhairt le chéile i ndearthaí pearsantaithe, in ionad olltáirgeachta a dhéanamh. Ó bunaíodh é, tá an lipéad scairfeanna Éireannacha Ciara Silke, tá tacaíocht dhílis thiomanta cruthaithe aige de chustaiméirí agus de dhaoine geallmhara mar aon le riar gradam tionsclaíochta a fháil.

Sheol Ciara an branda Ciara Silke mar go gcreideann sí go daingean sa luach atá ag dath, dearadh agus teicstílí. Bhí sí ag iarradh réimse ardghradamach d’oiriúintí sómasacha a fhorbairt, ag díriú ar na caighdeáin is airde táirgíochta agus deartha.
In 2017, fuair Ciara Silke Gradam Barr Feabhais Deartha ó Chomhairle Cheardaíochta na hÉireann. Tá an chuideachta tiomanta i gcónaí do choincheap an fhaisin ‘lámhdhéanta’. Cé go bhfuil méadú suntasach tagtha ar an mbranda ó 2014, bhí an fás orgánach agus tá sé fós ina chuideachta neamhspleách agus foireann bheag dhíograiseach ag obair ann. Mar chroílár dár bhfís agus dár rathúlacht tá ár gceardaithe in Como na hIodáile an – áit a bhfuil traidisiún ardsciliúil priontála síoda lonnaithe ón 19ú cead.

Ceardaí agus dearthóir teicstíle í Ciara Silke atá lonnaithe i nGaillimh Galway, Éire. Tar éis obair a dhéanamh do chuid de na cuideachtaí faisin is fearr i Meiriceá, shocraigh sí dul i mbun trialacha le hábhair agus le dathanna nádúrtha chun a réime scairfeanna féin a chruthú.

Rinne sí staidéar ar fhaisean agus ar dhearadh teicstílí in NCAD, Baile Átha Cliath. As sin chuaigh sí ag obair don bhranda aitheanta Diane Von Furstenberg i Nua Eabhrac. Chaith sí roinnt blianta ansin, ag forbairt a scileanna deartha agus ag foghlaim faoin taobh gnó den dearadh agus den táirgeadh.
Nuair a d’fhill sí as Nua Eabhrac go dtí Cathair na Gaillimhe thosaigh Ciara a gnó – réimse galánta d’oiriúintí – réimse atá spreagtha ag áilleacht, dathanna agus maorgacht thírdhreach aitheanta Chonamara agus ag fiántas Chuan na Gaillimhe.

Déanann Ciara gach píosa a dhearadh go haonarach in Éirinn, priontáilte ar shíoda mín agus ar theicstílí caismíre in Como na hIodáile agus críochnaithe de láimh i nGaillimh. Nascann Ciara Silke fiántas agus fuinneamh a hoidhreachta in Iarthar na hÉireann le stíl nua-aimseartha atá slíoctha agus buan, curtha ar fáil i ndathanna taibhseacha agus i bhfabraicí míne Iodálacha.